Deireadh le samhail

D’FHÓGAIR Foras na Gaeilge go raibh deireadh lena scéim chonspóideach, An tSamhail Nua Mhaoinithe, i ndiaidh chruinniú boird …

D’FHÓGAIR Foras na Gaeilge go raibh deireadh lena scéim chonspóideach, An tSamhail Nua Mhaoinithe, i ndiaidh chruinniú boird i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, Dé hAoine seo caite.

Dúirt an bord nach leanfaí ar aghaidh leis an tsamhail agus go raibh siad le €6.7 milliún a bhronnadh ar na heagrais dheonacha Ghaeilge idir seo agus Meitheamh 2013.

Cnámh spairne idir an foras agus na heagraíochtaí Gaeilge a bhí sa tsamhail. Ba é cuspóir an phlean nua scéimeanna a mhaoiniú in áit bunmhaoiniú a thabhairt do na heagrais as obair a dhéanamh. Cháin na heagraíochtaí an tsamhail go trom.

Dúirt an foras go n-amharcfadh siad anois “ar mhúnlaí eile” maoinithe agus go mbeadh siad “ag comhoibriú leis na heagraíochtaí Gaeilge sna míonna beaga romhainn lena dheimhniú go mbainfear torthaí fónta amach roimh dheireadh na tréimhse bunmhaoinithe”.

READ MORE

Fáilte a chuir na heagraíochtaí agus saineolaí roimh an chinneadh. Dúirt cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, gur cheap a ghrúpa riamh go raibh an tsamhail go huile in aghaidh bhunphrionsabail na pleanála teanga.

Bhí sé “dóchasach”, ámh, go mbeadh tréimhse páirtnéireachta idir an earnáil dheonach agus an foras anois.

Bhí “deis iontach” ann le plé a dhéanamh ar imeachtaí Gaeilge gach eagras agus déanamh cinnte de go mbeadh “gach dream ag obair as lámh a chéile agus i dtreo spriocanna comónta oibre ar bhonn 32 contae”.

Mhol sé don fhoras tabhairt faoi “anailís agus taighde gairmiúil” ar obair na n-eagras ar fad agus na bealtaí ab fhearr a aimsiú le tabhairt “faoi athréimiú na teanga in Éirinn agus thar lear”.

Ba thrua le ceannasaí Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, “gur cuireadh an oiread sin ama agus fuinnimh amú” leis an tsamhail ach ba chóir do lucht na teanga “a bheith dearfach agus dul ar aghaidh i spiorad na comhpháirtíochta”.

“Céim mhór chun cinn” a bhí sa chinneadh agus bhí deis ag na páirtithe uilig tosú as an nua le teacht ar mhúnla a bheadh in ann freastal “go héifeachtach ar riachtanais na Gaeilge”.

Dúirt stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin de Barra, go raibh barraíocht ama caite ag plé leis an tsamhail “a bhí chomh lochtach sin gur éard a bheadh mar thoradh uirthi ná aimhleas na Gaeilge”.

Mhol sé go leanfadh gach grúpa ar aghaidh “ar bhonn comhpháirtíochta” agus comhairle a lorg ó shaineolaithe leis na seirbhísí teanga ab fhearr a chothú.

Dúirt an Dochtúir Conchúr Ó Giollagáin, saineolaí ar phleanáil teanga ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go raibh seans ann “plé faoi aidhm an mhaoinithe a atosú ar bhonn níos sláintiúla agus níos oscailte”.

Ba cheart do na heagraíochtaí “plé níos misniúla a bheartú leis an bhforas d’fhonn caidreamh dinimiciúil idir na heagraíochtaí agus an pobal a chothú. Is tábhachtaí i bhfad, i ndeireadh na dála, féiniúlacht shóisialta na Gaeilge seachas a féiniúlacht theoranta eagraíochtúil”.

BLIANTA FADA achrannacha de chaint agus de cháineadh agus ansin, go tobann, tá deireadh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe.

Tá an cinneadh ceart déanta ag bord an fhorais agus tá siad le moladh as sin. Tá ciall leis an chinneadh, fiú más ciall cheannaithe í.

Agus, bíodh is go bhfuil siad le moladh as an socrú a dhéanamh, b’fhéidir nár mhiste do lucht an fhorais suí síos lá níos faide anonn agus machnamh fada a dhéanamh ar an iaróg a ghin an tsamhail.

Cad chuige ar lean siad di ar feadh na mblianta nuair a ba léir go raibh olc ar na heagrais leis an phlean agus nuair a ba léir nach raibh éifeacht ar bith ann ar chor ar bith?

Muna ndéanann an próiseas seo maith ar bith eile, b’fhéidir go ndéanfadh sé maith mhór amháin – go gcuirfeadh sé i gcuimhne don fhoras nach os cionn na n-eagraíochtaí eile atá sé ach páirteach san obair chéanna leo.

Is doiligh gan teacht leis na heagrais dheonacha agus iad ag caint ar chur amú fuinnimh agus ama – am agus fuinneamh nach bhfuil le spáráil.

Tá an t-am ag imeacht agus an teanga leis. Ní áibhéil a rá go bhfuil drochdhóigh ar chúrsaí Gaeilge, bíodh is go bhfuil daoine maithe agus imeachtaí fiúntacha ann.

Faoin fhoras agus faoi na heagraíochtaí a bheidh sé an teanga a chur ar an chlár náisiúnta agus tábhacht na teanga sa Ghaeltacht, sa chóras oideachais, sa saol poiblí, mar shampla, a chur ar a súile do pholaiteoirí. Samhail de chineál eile – agus samhail níos fiúntaí.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times